Kathleen Napoli McKenna (9 September 1897 – 22 March 1988) was an Irish nationalist activist and journalist closely associated with Arthur Griffith. (en)
Iriseoir Éireannach ab ea Caitlín Ní Chionnaith Napoli (Kathleen McKenna Napoli an Bhéarla; 9 Meán Fómhair 1897 – 22 Márta 1988). Rugadh Caitlín Ní Chionnaith sa Seanchaisleán, Contae na Mí. Chaith sí seal gairid sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ach i mí Márta na bliana 1916 d'aistrigh a teaghlach go Rugby, i Warwickshire, áit a ndeachaigh sí ag obair mar rúnaí i ngnólacht innealtóireachta. Le linn di cuairt a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath i samhradh na bliana 1919, chuaigh Ní Chionnaith go dtí oifigí Shinn Féin ar Shráid Fhearchair agus litir aici óna hathair d'Art Ó Gríofa á cur in aithne, agus ag rá go raibh sí ag iarraidh páirt a bheith aici i ngluaiseacht na saoirse. (ga)